Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Tóibít 5:3 - An Bíobla Naofa 19813 Mar fhreagra air sin dúirt Tóibít lena mhac, Tóibias: “Is amhlaidh a chuireamar araon ár n‑ainmneacha le hadmháil fiacha. Rinne mise dhá leath de ansin i dtreo go mbeadh leath amháin an duine againn. Choinnigh mise mo leath féin agus fágadh an leath eile leis an airgead. Agus féach, tá sé fiche bliain anois ó d'fhág mé an t‑airgead sin i dtaisce aige. Anois, a mhic, faigh duine éigin iontaofa le dul in éineacht leat agus tabharfaimid luach a shaothair dó nuair a fhillfidh tú. Imigh leat mar sin agus faigh an t‑airgead ó Ghabael.” Féach an chaibidil |