Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 6:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan; déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Ar a nadhbharsin tíucfuídh a anacair go hobann; air ball brisfighthear é gan tártháil.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 6:15
15 Tagairtí Cros  

Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.


Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé; sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann;


Ba chairde cléibh sinn a shiúil in éineacht in áras Dé.


Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachás agus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh,


Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme, agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.


Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.


Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís; ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.


Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas, agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?


An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.


Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna, agus is gráin lena chroí seacht gcinn:


agus déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Brisfidh mé an pobal seo agus an chathair seo díreach mar a bhriseann duine crúsca an photaire, nach féidir a dhéanamh slán arís.


Tharla, agus mé ag tairngreacht, gur éag Palaitia mac Bhanáiá. Shléacht mé go talamh agus bhéic os ard: “A Thiarna Dia, an bhfuil sé leagtha amach agat iarmhar Iosrael a dhíothú?”


Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí