Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 4:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Tabhair aird ar mo bhriathra, a mhic, agus éist go cúramach le briathra mo bhéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 A mhic, tabhair aire dom bhríathraibh; cláon do chlúas dom ráidhtibh.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 4:20
10 Tagairtí Cros  

Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liom go múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.


Mascil Ásáf. 1 Éist, a phobal, le mo theagasc; claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil.


Múin dúinn giorra shaoil an duine chun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.


Sa chaoi go dtugann tú cluas don eagna, agus go gclaonann tú do chroí chun na tuisceana,


Beidh sé ina shólás agat iad a choimeád i do chroí, agus iad go léir a bheith mar phionna ar do bheola.


A mhic, tabhair aird ar m'eagna, agus tabhair cluas go géar do mo chuid cainte.


Coinnigh greim ar mo bhriathra, a mhic, agus cuir m'aitheanta i dtaisce duit féin.


Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.


Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí