Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 3:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Ná beartaigh olc in aghaidh do chomharsan, agus é ag maireachtáil go sochma i mbéal do dhorais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Ná tionnscuin olc a naghaidh do chomharsan, ó áitreabhus sé go suáimhneach láimh riot.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 3:29
11 Tagairtí Cros  

Is fuath leo muintir shuaimhneach na tíre: cumann siad cealg ina n‑aghaidh.


Éistfidh sé liom agus cloífidh iad; (tá sé ann ón tsíoraíocht), óir ní théann siad i bhfeabhas ar aon chor, ná ní eagal leo Dia. Selah


Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóide agus saor mé ó lucht doirte fola.


Nach bhfuil breall ar lucht na claonbheartaíochta? Bíonn cneastacht agus dílse i ndán do lucht na scéimeanna córa.


Bíonn an feall ina chroí ag beartú oilc, agus bíonn aighneas de shíor á adhaint aige.


Croí a bheartaíonn cealga, cosa a bhrostaíonn chun an oilc,


Ná déanaigí foréigean ar an mbaintreach ná ar an dílleachta, ar an gcoimhthíoch ná ar an mbochtán; ná bíodh aon duine agaibh ag meabhrú oilc ina chroí in aghaidh a bhráthar.’ ”


ná beartaíodh aon duine agaibh olc ina chroí in aghaidh a chomharsan; agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige; óir, is fuath liom na nithe sin go léir,” a deir an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí