Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 3:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Bhrúcht na duibheagáin le barr a eolais, agus fearann na scamaill an drúcht ar an talamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Le na éolus bristear amach na haigéin, agus filid na néulla an drúcht a núas.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 3:20
13 Tagairtí Cros  

Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh.


Go dtuga Dia duit de dhrúcht neimhe, agus de mhéith na talún, flúirse arbhair agus fíona!


Sa bhliain sé chéad d'aois Naoi, sa dara mí, agus sa seachtú lá déag den mhí sin - an lá sin féin phléasc toibreacha uile an duibheagáin mhóir, agus osclaíodh comhlaí uisce neimhe.


Ní raibh na duibheagáin fós ann, ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé.


An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn? An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt? Ach is tusa féin é, a Thiarna. Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas, is tú a dhéanann gach ní acu seo.


“A chlann Shíón, bíodh áthas agus gairdeas oraibh ar son an Tiarna, bhur nDia. Óir, thug sé fearthainn an fhómhair daoibh mar is é is cóir; agus chuir sé flúirse báistí anuas oraibh, fearthainn an fhómhair agus fearthainn an earraigh, mar a dhéanadh sé fadó.


Uime sin lonnaíonn Iosrael i síocháin; toghtar tobar Iacóib mar thír arbhair agus fíona; sileann neamh féin an drúcht anuas


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí