Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 27:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Brúigh an t‑amadán sa mhoirtéar le tuairgnín, (fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Bíodh go mbrúighfeá amadán a moirtéul a measg chruithneachta lé pestel, thairis sin ní dheileochuidh a amadánachd ris.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 27:22
14 Tagairtí Cros  

Níor éirígh Iarobám as a dhrochnósanna i ndiaidh an imeachta sin, ach lean sé air ag ceapadh daoine den choitiantacht arís ina sagairt do na hardionaid. Duine ar bith ar mhian leis é, choisric Iarobám é le bheith ina shagart do na hardionaid.


D'éirigh Forann agus a shearbhóntaí go léir agus na hÉigiptigh go léir san oíche agus tharla uaill olagóin san Éigipt mar ní raibh teach gan marbh ann.


Nuair a insíodh do rí na hÉigipte go raibh an pobal bailithe leo, tháinig malairt aigne air féin agus ar a shearbhóntaí i dtaobh an phobail. “Cad é seo atá déanta againn,” ar siad, “á rá is gur scaoileamar le hIosrael óna seirbhís dúinn?”


‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid. ‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’


Coróin na ngaoismhear a ngaois, an bhaois a bhíonn mar chraobh ag na baotha.


“Buaileadar mé, an ea?” déarfaidh tú, “ach níor gortaíodh mé; ar léasadar mé? ach ní bhraithim aon ní; cathain a dhúiseoidh mé...? Beidh deoch eile uaim.”


Is cuma nó madra a fhilleann ar a aiseag an t‑amadán a fhilleann ar a bhaois.


Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís, agus an feall ar siúl agaibh fós? Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;


An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairt nó an liopard a bhreacadh? Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh, tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc?


A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.


Nuair a fuair Sól an scéala sin chuir sé giollaí eile uaidh, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. Ansin chuir Sól giollaí eile fós den tríú huair, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí