Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 18:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Achainíocha a bhíonn ar bhéal an bhochtáin, ach boirbeacht a thagann mar fhreagra ón saibhir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Labhruidh an bocht impidheacha; acht freagraidh an saidhbhir go garbh.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 18:23
18 Tagairtí Cros  

“An té is tiarna ar an tír,” ar siad, “labhair sé go borb linn á mheas gur lucht braite ar a thír sinn.


Nuair a chonaic Iósaef a dheartháireacha, d'aithin sé iad, ach ní dhearna sé ach caitheamh leo mar a dhéanfadh le daoine deoranta agus labhairt leo go borb: “Cad as daoibh?” ar sé. “Ó thír Chanán,” ar siad, “a thángamar chun bia a cheannach.”


Níor thug an rí aon aird ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó, ach thug freagra garbh ar an bpobal,


Thug an rí freagra garbh orthu gan aon aird a thabhairt ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó.


Cé a d'fhéadfadh é ionsaí agus teacht slán? Ní fhéadfadh neach faoin spéir.


Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”


Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán, nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh. ...Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige.


Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán, agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.


Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad; is liom féin an t‑iomlán, briathar an Tiarna. Ach an té a dtugaimse aird air, is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite, an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.


“Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.


agus má thugann sibhse ómós don té a bhfuil an t‑éadach maith air agus a rá leis: “Bíodh an suíochán maith anseo agat,” agus a rá leis an bhfear bocht: “Seas ansiúd thall,” nó: “Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,”


Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?


agus dúirt sí: ‘Lig dom le do thoil na diasa a dhíolaim agus a bhailiú i measc na bpunann i ndiaidh na meithle.’ Tháinig sí más ea agus tá sí ar a cosa gan stad ó mhaidin go moch.”


Gach duine de do theaghlach a fhágfar, tiocfaidh siad ar a nglúine chuige, ag lorg bonn airgid nó builín aráin á rá: Tabhair gnó beag éigin sagairt dom le déanamh le do thoil, d'fhonn go mbeadh greim éigin aráin le hithe agam.’ ”


D'fhreagair Nábál seirbhísigh Dháiví: “Dáiví - cé he féin? Cé hé mac Ieise? Is iomaí seirbhíseach atá ag éalú óna máistirí na laethanta seo!


Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár maistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir d'aon duine focal a rá leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí