Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 16:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Is foinse beatha an ghaois don té a bhfuil sí ina sheilbh ach is í an bhaois crá na n‑amadán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Is tobar fíoruisge chum beatha an tuigsi don tí agá mbí sí: achd is amadánacht teagasg na namadán.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 16:22
16 Tagairtí Cros  

Is fionse beatha é béal an fhíréin, ach bíonn foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.


Foinse beatha is ea teagasc an tsaoi, lena seachnaítear gaistí an bháis.


Foinse beatha is ea eagla an Tiarna, lena seachnaíonn duine gaistí an bháis.


Riarann teanga na n‑eagnaí eolas, ach bíonn baois ar sileadh le béal na n‑amadán.


Déanann an fíréan machnamh ina chroí [ar bhearta fónta], ach sníonn mailís as béal lucht na hurchóide.


Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí; cuireann milse briathar le meallacacht ráite.


Múineann croí an eagnaí gliceas dá bhéal, agus cuireann sé le meallacacht a bhriathar.


Uiscí doimhne iad briathra an duine, tuile bhrúchtach, foinse eagna.


Scriosann béal an amadáin é féin, agus is gaiste dó a bheola.


Beidh siad mar bheatha ag d'anam, agus mar ornáid faoi do bhráid.


Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”


Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.


Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad.


D'fhreagair Síomón Peadar é: “A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí