Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 15:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Is gráin leis an Tiarna smaointe an choirpigh, ach is [gean leis] caint na neamhchiontach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA smuáintighthe an chiontuigh: acht is briathra millse, bríathra a nfíorghlain.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 15:26
13 Tagairtí Cros  

Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar sula bhfaighe sé mo bhua; Ansin is ea a bheidh mé gan smál agus saor ó thrompheaca.


Do stiúrthóir an chóir. Le fonn an cheadail “Na lilí...”. Mascil chlann Chorach. Amhrán grá.


Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán.


Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth!


Leagann an Tiarna teach na n‑uaibhreach ar lár, ach cosnaíonn sé teorainneacha na baintrí.


An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.


Is cuma nó cior mheala briathra séimhe; is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.


Níl ach an peaca á thaibhreamh do na hamadáin; is gráin le daoine an scigire.


Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?


Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí