Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Séamas 2:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Nach iadsan a dhiamhaslaíonn an t‑ainm uasal dár tíolacadh sibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Nach iad a thugas masla don ainm onórach sin a gaireadh díbhse?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Nach iad do‐bheir masla do’n ainm uasal as a n‐ainmnightear sibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 A né nach dtabhruid síad masla don nainm óidheirc as a nainmnighthear sibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Nach iad-san a dhiamhaslaíonn an t-ainm uasal dár tíolacadh sibh?

Féach an chaibidil Cóip




Séamas 2:7
23 Tagairtí Cros  

Rinne sé a phobal a fhuascailt, agus bhunaigh sé a chonradh go brách. Is naofa a ainm agus is creathnach.


Is maith é cumhracht d'ola, ola dhoirte d'ainm a d'fhág na cailíní i ngean leat.


cách a nglaoitear dó m'ainmse, óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad, is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.”


Beidh bhur n‑ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua.


Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.


Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.


“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.


Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”


agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’


agus tar éis dó é a fháil, thug sé leis go hAintíoch é. Thug siad bliain iomlán ar aíocht ag an Eaglais ann agus thug siad teagasc dá lán daoine. Agus tharla gur in Aintíoch is túisce a tugadh Críostaithe ar na deisceabail.


Ansin beidh na daoine eile go léir ag lorg an Tiarna agus na náisiúin uile arb é m'ainmse atá orthu.


Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg á gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin.”


níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”


óna n‑ainmnítear gach clann ar neamh agus ar talamh.


cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.


Ach más mar Chríostaí a fhulaingíonn duine pionós, ná bíodh náire air ach tugadh sé glóir do Dhia faoin ainm seo.


Tá sé gléasta in éide a tumadh i bhfuil, agus is é ainm a ghoirtear air “Briathar Dé.”


Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: “Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí