Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Séamas 2:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Mar an té a dúirt: “Ná déan adhaltranas,” dúirt sé freisin: “Ná déan marú.” Mura ndéanann tú adhaltranas, ach má dhéanann tú marú, tá coireach in aghaidh an dlí déanta díot.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Mar an té a dúirt, “Ná déan adhaltranas”, dúirt sé, “Ná déan dúnmharú.” Má dhéanann tú dúnmharú gan adhaltranas a dhéanamh, tá an dlí sáraithe agat.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Óir an té adubhairt, Ná déan adhaltrannas, adubhairt sé leis, Ná déan marbhadh. Anois, bíodh nach ndéanann tú adhaltrannas, acht go ndéanann tú dún‐mharbhadh, is cionntach i n‐aghaidh na dlighe thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Oír an tí a dubhairt, Ná déun adhaltrannas, a dubhairt sé mar an gcéudna, Ná déun dúnmharbhadh. Agus bíodh nach ndéun tú adhaltrannas, achd go ndéun tú dúnmharbhadh, do rinneadh fear sáruighe an réachda dhíot.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Mar an té a dúirt: “Ná déan adhaltranas,” dúirt sé freisin: “Ná déan marú.” Mura ndéanann tú adhaltranas, ach má dhéanann tú marú, tá coir in aghaidh an dlí déanta díot.

Féach an chaibidil Cóip




Séamas 2:11
11 Tagairtí Cros  

Má dhéanann comhthionól Iosrael go léir peaca le barr neamhaire, agus rud éigin, atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, a dhéanamh gan fhios don chuallacht, agus go mbíonn siad ciontach,


“Labhair le clann Iosrael agus abair: Má pheacaíonn aon duine le barr neamhaire in aghaidh aon cheann d'aitheanta an Tiarna agus ceann de na nithe a choisc sé a dhéanamh, sa chás sin:


Má pheacaíonn uachtarán le barr neamhaire agus rud éigin de na nithe go léir atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a Dhia a dhéanamh agus é féin a fhágáil ciontach,


“Cad iad féin?” ar seisean leis. Dúirt Íosa: “Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige.


Is eol duit na haitheanta. ‘Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Ná déan calaois. Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair.’ ”


Is eol duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair.’ ”


Na haitheanta “ná déan drúise,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí