Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Séamas 2:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Seachain an fabhar sibhse, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 A bhráithre liom, ná claonaigí le taobh ar bith má chloíonn sibh le creideamh Thiarna na glóire, ár dTiarna Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A bhráithre, cothuighidh creideamh ár dTighearna ghlórmhair Íosa Críost gan meas bheith agaibh ar phearsain duine seachas a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 A dhearbhraithre, ná bíodh creideamh ar Dtíghearna ghlórmhar Iósa Críosd aguibh, maille ré féuchain do phearsuin seach a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Seachain an fabhar sibh-se, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Séamas 2:1
29 Tagairtí Cros  

Bíodh eagla an Tiarna oraibh anois; tugaigí aire dá mbíonn idir lámha agaibh, mar níl aon bhaint ag an Tiarna ár nDia le calaois ná leathchuma ná le breaba a ghlacadh.”


Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith: Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.


Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine; ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin.


Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnas; ná bíodh lé agat leis an mbocht, ná uamhan ort roimh an gcumhachtach; ach tabhair breith ar do chomharsa de réir na córa.


agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.


Ansin thosaigh Peadar ag labhairt: “Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile


d'fhógair mé ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh araon iompú chun Dé agus creidiúint inár dTiarna Íosa.


Faoi cheann cúpla lá tháinig Féilix agus a bhean Drúsaile in éineacht leis. Giúdach mná ba ea ise. Chuir sé fios ar Phól agus d'éist sé leis ag cur síos ar chreideamh in Íosa Críost.


“A bhráithre agus a aithreacha,” ar seisean, “éistigí liom. Thaispeáin Dia na Glóire é féin dár n‑athair Abrahám nuair a bhí sé sa Mheaspatáim sula ndeachaigh sé chun cónaithe i gCáran


Mar is fada liom go bhfeicfidh mé sibh chun tíolacadh éigin spioradálta a roinnt libh d'fhonn sibh a neartú,


Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois.


Ná déanaigí leathchuma i mbreithiúnas agus tugaigí cluas don bheag ar aon dul leis an mór; ná bíodh eagla oraibh roimh aon duine, mar is le Dia an bhreith. An chúis a bheidh ródheacair daoibh, tugaigí chugamsa í le héisteacht.”


Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.


mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile


Coinnigh an creideamh agus an coinsias glan agat. Mar tá daoine ann a thug cúl lena gcoinsias agus a chuir a gcreideamh ó rath.


I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n‑aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh.


Mise Pól, seirbhíseach do Dhia agus aspal le hÍosa Críost agus é mar fheidhm agam an creideamh a thabhairt dóibh sin atá tofa ag Dia agus iad a chur ar eolas na fírinne a sheolann chun na cráifeachta iad


fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.


Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda


Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.


A bhráithre ionúine, ná cuirtear dallamullóg oraibh.


Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,


agus má thugann sibhse ómós don té a bhfuil an t‑éadach maith air agus a rá leis: “Bíodh an suíochán maith anseo agat,” agus a rá leis an bhfear bocht: “Seas ansiúd thall,” nó: “Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,”


Ach má dhéanann sibh leathchuma, tá peaca á dhéanamh agaibh, agus tá sibh daortha mar choireacha ag an dlí.


Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.


Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost.


Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n‑ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”


Anseo a éilítear foighne na bhfíréan a choimeádann aitheanta Dé agus creideamh in Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí