Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 74:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Tabhair d'aghaidh ar na fothracha a scriosadh ar fad, ar an dochar a rinne an namhaid san ionad naofa.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Smaoinigh ar threibh dʼoidhreachta: agus ar chnoc Shíóin ina mbíodh do chónaí.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Chum an fhásuigh síoruidhe bhuain. Do chosa tóg go hárd; Chum an uilc a rinn an namhuid, Ad’ theampall náomh gan cháird.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Tóg súas do chosa chum na bhfásach síorruidhe; a nuile olc da ndéarnaidh an námhaid annsa tsanctóra.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Tabhair dʼaghaidh ar na fothracha a scriosadh ar fad, ar an dochar a rinne an namhaid san ionad naofa.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 74:3
26 Tagairtí Cros  

Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


“An mhuintir a tháinig slan ón deoraíocht,” d'fhreagair siad, “agus atá ar ais ansiúd sa chúige, tá siad i gcruatan agus faoi leatrom náireach, tá ballaí Iarúsailéim ar lár agus a geataí loiscthe ag tine.”


Ghabhas Geata an Ghleanna amach dá bhrí sin agus thar Thobar an Dragúin go dtí Geata an Aoiligh. Rinne mé ballaí Iarúsailéim [agus na bearnaí iontu] a iniúchadh, agus, chomh maith, a geataí dóite.


agus dúirt mé leis an rí: “Gura fada buan an rí! Cén fáth nach mbeadh aghaidh bhrónach orm nuair atá conamar déanta den chathair mar a bhfuil mo shinsir curtha agus a geataí loiscthe le tine?”


Ar do shonsa tugtar ár n‑ár ar feadh an lae agus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású.


Óir leagadh ar lár sinn sa luaithreach agus buaileadh ár gcorp ar an talamh.


Salm Ásáf. 1 A Dhia, tháinig na ciníocha isteach i do thír agus rinne siad truailliú ar do theampall naofa; scrios siad Iarúsailéim go ndearna carnán cloch di.


In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.


óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo. Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin, mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;


Tógfaidh siad suas arís na fothracha ársa, beidh siad ag foirgniú ar bhallóga an tseanama; deiseoidh siad na cathracha creachta agus na ballóga atá uaigneach leis na cianta.


Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


Shín a heascairde a lámha amach chun a maoinese go léir; chonaic sise na náisiúin ag réabadh isteach ina sanctóir - an dream ar chros tú féin orthu do chomhthionól a thaithí.


Óir, féach, tá an Tiarna ag teacht amach as a áit chónaithe agus anuas agus ag céimniú ar arda na cruinne.


Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse.


Agus bhí sé á dteagasc agus dúirt sé leo: “Nach bhfuil sé scríofa: ‘Glaofar ar mo theachsa teach urnaithe do na ciníocha go léir’? ach rinne sibh uaimh robálaithe de.”


titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.


Nuair a bhíodarsan tugtha amach go Iósua acu, ghair Iósua ar fhir Iosrael go léir agus dúirt le taoisigh na bhfear cogaidh a throid ina theannta: “Druidigí isteach agus cuirigí bhur gcosa ar bhráide na ríthe seo.” Ansin dhruideadar isteach leo agus leag a gcosa ar a mbráide.


ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí