Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 7:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Tagadh comhthionól na gciníocha i do thimpeall: bí i do shuí os a gcionn in airde.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

8 Tabharfaidh an Tiarna breithiúnas ar na ciníocha; tabhair saorbhreith orm, a Thiarna: de réir mʼfhíréantachta, agus de réir na neamhchiontachta a tá ionam.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

8 Breith air an bpobál bhéarfadh Dia: ’Réir m’ionracais déan breith, ’Réir m’fíréuntacht féin, a Dhé, Go teann seas air mo leith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Béaruidh an TIGHEARNA breitheamhnus air an bpobal: breathnuigh misi, ó a THIGHEARNA, do reir mfiréantachda, agus do réir mo dhíoghruisi noch atá ionnam.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Tagadh comh-thionól na gciníocha i do thimpeall: bí i do shuí os a gcionn in airde.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 7:8
23 Tagairtí Cros  

Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d'fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?”


Go raibh Dia Abrahám agus dia Náchór (dia a n‑aithreacha) ina bhreitheamh eadrainn.” Ansin mhionnaigh Iacób dar Ghaol a athar Íosác,


Nach ndéanfaidh tusa, ár nDia, breithiúnas orthu, mar nach bhfuil aon neart ionainn in aghaidh an tslua ábhalmhóir seo atá ag teacht inár gcoinne. Ní eol dúinn cad tá le déanamh againn, ach tá ár n‑aird go léir ortsa!”


Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine.


Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t‑ionracas mé, óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna.


Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.


Ach caithimse mo shaol go hionraic: fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.


Ansin beidh a fhios agam go bhfuil lé agat liom nuair nach ndéanfaidh m'eascairde a mbua a mhaíomh orm.


Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).


Bheathaigh sé le croí gan cháim iad, agus threoraigh iad go ciallmhar críonna.


Salm Ásáf. 1 Éiríonn Dia sa chomhthionól diaga a thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe.


Tá an Tiarna faoi réim go brách; shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas.


i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht; atá ag teacht a rialú na cruinne. Rialóidh sé an domhan go cothrom, agus tabharfaidh sé fíorbhreith ar na daoine.


i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht a rialú na cruinne. Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir, agus na ciníocha go cothrom.


Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréanta ná an té atá saibhir ach claon ina shlite.


Mar tá an lá ceaptha aige ina dtabharfaidh sé breithiúnas de réir an chirt ar an domhan iomlán; agus tá fear roghnaithe aige chuige, rud a chruthaigh sé do chách uile nuair a thóg sé ó mhairbh é.”


Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.


Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí