Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 7:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo, má rinne mé urchóid le mo lámha,

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

4 Má thug mé an t‑olc in aghaidh na maitheasa don té a bhí cairdiúil liom: (nár fhuascail mé an té a bhí ina namhaid dom gan chúis?)

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

4 Ma dh’íocas olc don te do bhí, A síothchain leam ’sa ndáimh; Ni hamhluidhe sin, ach rinn me an tí, A theasairgion go blaith, Do bhi gan adhbhar a’s gan chúis, Na namhuid dhamh gach lá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Má chuitigh mé olc ris an té do bhí a síothcháin riom; (fós, do ainic mé an té noch atá na námhuid dhamh gan chúis:)

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo, má rinne mé urchóid le mo lámha,

Féach an chaibidil Cóip




Salm 7:4
20 Tagairtí Cros  

Ní rabhadar imithe ach tamall beag ón cathair nuair a dúirt Iósaef lena reachtaire: “Bí amuigh,” ar sé, “agus lean na fir sin! agus nuair a thiocfaidh tú suas leo abair leo: ‘Cad chuige daoibh an t‑olc a dhéanamh in aghaidh na maitheasa? [Cad chuige gur ghoid sibh mo chorn airgid?]


Má fhaightear ag aon duine de do shearbhóntaí é, cuirtear chun báis é, agus bímis féin inár ndaoir agat, a mháistir.”


Bhain an Tiarna díoltas asat i bhfuil theaghlach Shóil ar ghlac tú a fhlaitheas ort féin, agus tá an Tiarna tar éis an flaitheas céanna a thabhairt i láimh Aibseálóm do mhac. Seo chugat anois uair na cinniúna, a fhir na fola.”


Má rinne mé amhlaidh, go dtite mo ghualainn ó mo shlinneán, Agus go stractar mo ghéag as alt!


Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach, Nó má lean mo dhúil mo shúil, Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac,


Díolann siad liom an t‑olc in aghaidh na maitheasa, an fuath in aghaidh an ghrá.


Éistfidh sé liom agus cloífidh iad; (tá sé ann ón tsíoraíocht), óir ní théann siad i bhfeabhas ar aon chor, ná ní eagal leo Dia. Selah


Don airgead an breogán, don ór an sorn; ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.


Scairt Pól air, áfach, in ard a ghutha: “Ná déan aon díobháil duit féin,” ar seisean, “táimid go léir anseo.”


Theith Dáiví ó na botháin i Rámá, agus tháinig sé agus labhair sé le Iónátán: “Cad a rinne mé as an tslí? Cén cion atá orm, agus cén choir a rinne mé in aghaidh d'athar a rá go bhfuil sé ar thóir m'anama?”


D'fhreagair Aichímeilic an rí: “Cé hé i measc do shearbhóntaí go léir atá chomh dílis le Dáiví, cliamhain an rí, captaen ar gharda do chosanta, agus fear atá faoi ghradam i do theaghlach?


agus dúirt sé lena lucht leanúna: “Nár lige an Tiarna go ndéanfainn an rud seo le mo thiarna, ná go sínfinn mo lámh amach ina aghaidh, ós é fear ungtha an Tiarna é.”


D'fhreagair Sól: “Pheacaigh mé! Fill, a Dháiví, a mhic. Ní dhéanfaidh mé díobháil a thuilleadh duit, mar bhí an oiread sin urrama agat do mo bheo inniu. Baois, sea baois, a ba ea mo chúrsa, agus ba mhór é mo mhearbhall.”


Féach, faoi mar a bhí urraim agamsa inniu do do bheosa, sin mar a bheidh urraim ag an Tiarna do mo bheosa, agus déanfaidh sé mé a fhuascailt ó gach anachain.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí