Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 21:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Tá dóchas an rí go daingean sa Tiarna: toisc bhuanghrá an Té is Airde ní dhéanfar a bhogadh.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

8 Aireoidh do naimhde uile meáchain do láimhe: aimseoidh do lámh dheas lucht dʼfhuatha.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

8 Gabhadh do láimh a nuile námh’d: Air eascair’ do lamh dheis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Do gheabhaidh do lámh amach do naimhde uile: do gheabha do lámh dheas an luchd fhúaithigheas thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Tá dóchas an rí go daingean sa Tiarna: toisc bhuan-ghrá an Té is Airde ní dhéanfar a bhogadh.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 21:8
17 Tagairtí Cros  

A luaithe a bhí an rí socair ina theach agus go raibh suaimhneas aige óna naimhde go léir ina thimpeall,


Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe, agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.


Coimeádaim an Tiarna de shíor i m'intinn: agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.


Do stiúrthóir an chóir. Dáiví, giolla an Tiarna, a dúirt briathra an amhráin seo leis an Tiarna an uair a shaor an Tiarna é ó chumhacht a naimhde uile agus ó láimh Shóil. Dúirt sé:


Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn; brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.”


Titfidh a naimhde ina láthair; lífidh siad an luaithreach.


Mar a d'aimsigh mo lámh ríochtaí na n‑íol, a ba líonmhaire dealbh ná Iarúsailéim agus an tSamáir,


Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’


Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”


Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige.


Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh.


Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.


Ghéaraigh ar an gcath in aghaidh Shóil; fuair na saighdiúirí faill air, agus ghoin na saighdiúirí go trom é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí