Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 139:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé; agus a d'fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

13 Is leat a thabharfaidh mé buíochas, mar is uafásach, iontach mar a rinneadh mé: is míorúilteach dʼoibreacha, agus tá a shárfhios sin ag mʼanamsa.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

13 Oir feuch do ghabh tu seilbh go moch, Ar mairnibh a’s me maoth; Sas leat rineadh m’folach fos, A mbroinn mo mhathar caomh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé; agus a dʼfhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 139:13
10 Tagairtí Cros  

An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin? Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar?


Do lámha a rinne agus a chruthaigh mé; múin dom d'aitheanta a fhoghlaim.


Is ort atá mo sheasamh ó rugadh mé, ó bhroinn mo mháthar ba thú mo dhídean; ionat a bhíodh mo dhóchas i gcónaí.


Téanam, go n‑adharfaimis agus go sléachtfaimis; feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn.


a Iosrael, atá tofa agam. Seo mar a deir an Tiarna a rinne thú, a dhealbhaigh ón mbroinn i leith thú agus a chabhraíonn leat: Ná bíodh eagla ort, a ghiolla liom, a Iacóib, a Isiriún atá tofa agam.


“Éistigí liom, a theaghlach Iacóib, a iarmhair uile de theaghlach Iosrael! sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh, a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith.


“Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort; sular rugadh thú choisric mé thú; d'ordaigh mé thú i d'fháidh do na ciníocha.”


Dá mba shúil an corp iomlán, cá mbeadh an éisteacht? Nó dá mba éisteacht an t‑iomlán cá mbeadh an boladh?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí