Míocá 1:2 - An Bíobla Naofa 19812 Éistigí, a phobala uile; cloisigí, a dhomhain agus a bhfuil ann. Tá an Tiarna Dia le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidh nuair a bhuailfidh sé amach óna phálás naofa. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 ¶ Eistigh, a phobal uile; cluin, a thaluimh, a nuile ní dá bhfuil ann: agus bíodh an Tighearna DIA na fhíadhnuise bhur naghaidhsi, an Tighearna ó na theampall náomhtha. Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.