Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 4:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé mar sin, tugadh sé leis, mar íobairt, gabhar, ceann fireann gan mháchail.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Nó ma thig, a neolus an phéacaidh, ionar pheacaidh sé; annsin do bhéara sé ofráil leis, meannán do na gabhruibh, fiorannach gan cháidhe:

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 4:23
23 Tagairtí Cros  

Chuir tú ár n‑urchóidí os do choinne, ár bpeacaí folaithe faoi sholas do ghnúise.


An dara lá ofrálfaidh tú gabhar fireann gan smál mar íobairt pheaca; agus glanfar an altóir arís mar a glanadh leis an tarbh.


Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.


Ofrálaigí pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca, agus dhá uan bhliana fhireanna mar íobairt chomaoineach.


ofráladh an comhthionól tarbh óg gan mháchail ón táin mar íobairt pheaca nuair a thagann an peaca a rinneadar chun solais. Tugtar an tarbh os comhair Bhoth na Teagmhála,


Leagadh sé a lámh ar cheann an ghabhair agus maraíodh sé é mar a mharaítear an t‑íobarthach le huileloscadh i láthair an Tiarna. Íobairt pheaca í seo.


nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé, tugadh sé leis, mar íobairt ar son an pheaca a rinne, gabhar, minseach gan mháchail.


Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.


nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é -


Ansin abair le clann mhac Iosrael: ‘Togaigí pocán gabhair don íobairt pheaca, agus lao agus uan bliana, iad araon gan mháchail, don íobairt uileloiscthe. Do na híobairtí comaoineach:


mar seo atá le déanamh: Más neamhaire an chomhthionóil uile a bhíonn i gceist, déanadh an comhthionól uile íobairt uileloiscthe de tharbh óg, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, mar aon lena abhlann agus lena íobairt dhoirte de réir gnáis; agus ofráiltear pocán gabhair mar íobairt pheaca.


Chomh maith leis an íobairt uileloiscthe shíoraí, ní foláir pocán gabhair a ofráil don Tiarna, mar íobairt pheaca, agus a íobairt dí a ghabháil leis.


Bíodh pocán gabhair chomh maith [don íobairt pheaca], chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son.


Ní foláir pocán gabhair a ofráil don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt pheaca d'fhéile an leorghnímh, agus ar an íobairt uileloiscthe lena n‑abhlann agus lena n‑íobairtí dí.


Bíodh pocán gabhair chomh maith mar íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.


Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí, a habhlann agus a híobairt dí.


Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son.


pocán gabhair don íobairt pheaca,


pocán gabhair don íobairt pheaca,


pocán gabhair don íobairt pheaca,


pocán gabhair don íobairt pheaca,


An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí