Léivític 4:18 - An Bíobla Naofa 198118 Cuireadh sé beagán den fhuil ar bheanna na haltóra atá os comhair an Tiarna i mBoth na Teagmhála, agus doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)18 Agus cuirfidh sé cuid do nfuil ar bheannuibh na haltóra noch atá as coinne an TIGHEARNA, atá a ttabernacuil an chomhchruinnighthe, agus dóirtfidh amach a nfuil uile ag bonn altóra na hofrála loiscthe, noch atá ag dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe. Féach an chaibidil |