Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 26:44 - An Bíobla Naofa 1981

44 Ní bheidh deireadh déanta, áfach. Nuair a bheidh siad i dtír a naimhde, ní thabharfaidh mé cúl leo ná ní bheidh an ghráin agam orthu i slí is go scriosfainn ar fad iad agus go mbrisfinn mo chonradh leo; óir is mise an Tiarna a nDia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Gidheadh fós ar a shon sin, a nuáir bhéid síad a ttír a námhad, ní theilgfe mé seachad íad, agus ní mó fhuathochus mé íad, dá scrios thríd amach uile, agus do bhriseadh mo chunnartha ríu: oir is misi an TIGHEARNA a Ndía.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 26:44
20 Tagairtí Cros  

Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.


Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d'iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós).


Dhiúltaíodar géilleadh, gan cuimhne acu ar na hiontais A rinne tú dóibh. D'éirigh siad ceanndána, Agus [rith sé leo] fiú filleadh ar an Éigipt, agus ar a ndaoirse. Ach is Dia maithiúnais thú, Lán de chineáltas agus de thrócaire, Mall chun feirge, gan teorainn le do bhuanghrá; Níor thréig tú iad.


Ach, le barr grá, níor chuir tú deireadh leo, Níor thréig tú ar fad iad, Mar is Dia lách cineálta thú.


Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.


agróidh mé a gcion orthu leis an tslat; agus agróidh mé a gcoir orthu leis an lasc,


Óir ní thréigfidh an Tiarna a phobal; ní thabharfaidh sé droim láimhe lena oidhreacht,


Ar son d'ainmse ná diúltaigh sinn, ná tarcaisnigh ríchathaoir do ghlóire. Cuimhnigh orainn. Ná bris do chonradh linn.


“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Faoi mar is maith iad na fígí seo, is amhlaidh sin a rachaidh mé i gcúram lucht deoraíocht Iúdá a sheol mé amach as an áit seo go tír na gCaildéach.


Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú; ní chuirfidh mé críochnú ortsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.


An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn.


más ea, teilgim uaim sliocht Iacóib agus Dháiví mo shearbhónta agus ní thoghfaidh mé aon rialtóir dá shliocht le bheith ina rí ar oidhrí Abrahám, Íosác agus Iacóib! Óir cuirfidh mé an rath arís orthu agus glacfaidh mé trua dóibh.’ ”


ach cuimhneoidh mise ar an gconradh a rinne mé leat nuair a bhí tú óg, agus bunóidh mé conradh leat a mhairfidh go deo.


Cuirfidh mé suas mo bhoth in bhur measc, agus ní bheidh an ghráin agam oraibh.


Níor shéan Dia an pobal a bhí aitheanta aige ó thus mar a phobal féin. An é nach eol daoibh cad é a deir an scrioptúr sa trácht úd ag Éilias agus clann Iosrael á gcásamh aige le Dia:


agus, mar sin, slánófar Iosrael ar fad de réir mar atá scríofa: “Tiocfaidh an fuascailteoir as Síón; ruaigfidh sé an éagráifeacht as Iacób.


Ghabh aingeal an Tiarna suas ó Ghilgeál go Bocaím, agus dúirt: “Thug mé aníos ón Éigipt thú agus sheol mé isteach sa tír seo thú a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n‑aithreacha. Dúirt mé: ‘Ní bhrisfidh mé mo chonradh libh go brách.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí