Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 21:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Aon duine de shliocht Árón an sagart, ná tagadh sé agus íobairtí loiscthe an Tiarna a ofráil má bhíonn aon iomard air; ná tagadh sé i láthair chun bia a Dhé a ofráil má bhíonn iomard air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Ní thiucfa áonduine do shíol Aáron an sagart ar a mbía aineamh a ngoire díodhbuirt ofrala an TIGHEARNA déanta lé teinidh: atá sé aineamhach; ní tiucfa sé a bhfogus dofráil aráin a Dhé.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 21:21
4 Tagairtí Cros  

Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.


“Abair le hÁrón: Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin má bhíonn iomard air, ná tagadh sé agus bia a Dhé a ofráil.


Bídís naofa dá nDia agus ná truaillídís ainm a nDé. Is iadsan a thugann chun an Tiarna na híobairtí loiscthe, bia a nDé. Ní foláir iad a bheith naofa dá bhrí sin.


Bíodh sé coisricthe agat mar go n‑ofrálann sé bia do Dhé. Bíodh sé naofa agat, óir táimse, an Tiarna, a naomhaíonn thú, naofa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí