Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 21:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 “An sagart a chinneann ar a bhráithre, ar doirteadh an criosma ar a cheann agus a insealbhaíodh, ná mothallaíodh sé a fholt agus ná stolladh sé a chuid éadaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus an té bhias na árdshagart a measc a dhearbhráithreach, air ar dóirteadh a nola ungtha ar a cheann, agus do coisregadh do chur na néaduighe air, ní nochdfuidhe a cheann, agus ní bhrisfídhe a éadach;

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 21:10
18 Tagairtí Cros  

Stróic Iacób a chuid éadaigh ansin, chuir sé brat íochtair róin air féin, agus chaoin sé a mhac ar feadh mórán laethanta.


Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.


D'éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d'umhlaigh sé é féin síos


Mar uinnimint a doirteadh ar an gceann, agus a shil ar an bhféasóg - a shil anuas ar fhéasóg Árón, go himeall a fhallainge.


Glacfaidh tú chugat ola an ungtha agus doirtfidh tú ar a cheann í agus déanfaidh tú é a ungadh ar an gcuma sin.


Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.”


“An duine ar a bhfuil galar na lobhra, bíodh a chuid éadaigh ina ngeiríocha, agus a chuid gruaige ina mothall gan slacht; ní foláir dó a bhéal uachtair a fholach agus glao a chur as: ‘Neamhghlan! Neamhghlan!’


“Sagart arna ungadh agus arna insealbhú chun fónaimh in áit a athar nach foláir an gnás leorghnímh a chomhlíonadh. Cuireadh sé uime an línéadach agus na héidí naofa,


Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.


Ansin dhoirt sé cuid den chriosma ar cheann Árón á choisreacan leis an ungadh.


agus an marfóir a shaoradh ar an gcuma sin ó láimh an díoltach fola. Cuirfidh an comhthionól ar ais é go dtí an chathair thearmainn mar ar theith sé; fanadh sé ansiúd go bhfaighe an t‑ardsagart a ungadh leis an ola choisricthe bás.


Ná déanadh sé é féin neamhghlan ar son athar ná máthar, ar son dearthár na deirféar, má chailltear iad; tá a choisreacan dá Dhia ar a cheann aige.


Leis sin, stróic an t‑ardsagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí