Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 19:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Aon duine a itheann í, bíodh deasca a pheaca air, mar go mbíonn naofacht an Tiarna truaillithe aige; gearrtar amach óna phobal an duine sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Ar a nadhbharsin gach éanduine da níosuidh e biáidh a pheacadh dhó, ar a nádhbhar gur thruáillidh sé ní náomhtha an TIGHEARNA: agus gearrfuíghear an tanam sin amach as lár a mhuinntire.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 19:8
7 Tagairtí Cros  

Aon duine a dhéanfaidh cumasc mar é nó a chuirfidh aon bhraon de ar choimhthíoch, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.’ ”


Má itear aon chuid di ar an treas lá, is ofráil ghráiniúil í, ní ghlacfar léi.


Ag baint an fhómhair de bhur n‑ithir, ná bainigí go deireadh an cheann fearainn. Ná bailigh diasa an fhómhair.


Ná truaillídís na híobairtí naofa a chuir clann Iosrael i leataobh don Tiarna;


Sa chás go bpeacaíonn duine [i gceann de na cúinsí seo leanas]: Má chluineann duine an mionnú sollúnta chun fianaise a thabhairt agus go mba chóir dó teacht i láthair le fianú, mar go raibh fianaise súl aige ar an ngnó, nó eolas eile air, ach nár labhair sé amach agus go bhfuil iarsmaí a dhrochbhirt á n‑iompar aige;


ach an duine a íosfaidh feoil íobairt chomaoineach a ofráladh don Tiarna, agus é fós neamhghlan, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.


Má bhaineann duine le neamhghlan, duine nó ainmhí neamhghlan, nó aon ní truaillithe, agus ansin feoil íobairt chomaoineach don Tiarna a ithe, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí