Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 16:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 “Ansin tiocfaidh Árón isteach i mBoth na Teagmhála tar éis dó an gabhar a sheoladh faoin bhfásach. Baineadh sé de an éide lín a chuir sé uime ag dul isteach sa sanctóir, agus fágadh sé ansiúd í.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus tiucfaidh Aáron a ttabernacuil an chomhchruinnighthe, agus cuirfidh sé na héaduighe lín de, noch do chuir air a nuáir do chuáidh do náit náomhtha, agus fúigfidh annsin íad:

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 16:23
8 Tagairtí Cros  

Nuair a rachaidh na sagairt isteach ann ní imeoidh siad ón áit naofa chuig an chúirt sheachtrach gan éide an liotúirge a fhágáil ansin, mar is naofa í an éide seo. Cuirfidh siad éadaí eile orthu féin sula rachaidh siad in áiteanna a bhaineann leis an bpobal.”


Ar imeacht amach dóibh chuig pobal na cúirte seachtraí bainfidh siad díobh na héadaí ina ndearna siad freastal agus fágfaidh iad sna seomraí sa sanctóir; gléasfaidh siad in éadaí eile ar eagla go naomhóidís an pobal lena n‑éadaí.


agus iompróidh an pocán ualach a gcoireanna go léir leis amach faoin bhfásach.


Cuireadh sé ionar de línéadach coisricthe air féin, gléasadh sé é féin i línéadach, agus cuireadh sé crios línéadaigh faoina choim, agus ceannbheart línéadaigh ar a cheann. Tar éis dó é féin a ionladh le huisce, cuireadh sé na héidí naofa seo air féin.


Baineadh sé de a éidí ansin agus cuireadh éidí eile uime, agus beireadh sé an luaithreach leis on gcampa amach go háit ghlan.


An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn


Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí