Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 16:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh aige don sanctóir ar son neamhghlaine chlann Iosrael, dá gcionta agus dá bpeacaí go léir; sin é leis mar nach foláir dó a dhéanamh do Bhoth na Teagmhála a fhanann faru i lár a neamhghlaine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do dhéanuidh síoth ar son an ionaid náomhtha, do bhrígh neamhghloine chloinne Israel, agus do chionn a saruighthe iona uile pheacadhuibh: agus do dhéana mar sin ar son thabernacuil an chomhchruinnighthe, noch chomhnuigheas na measc, a meadhón a neamhghloine.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 16:16
12 Tagairtí Cros  

Déanfaidh Árón leorghníomh ar a beanna uair sa bhliain; le fuil na hofrála ar son an pheaca, déanfaidh sé gnás an leorghnímh a chomhlíonadh uair sa bhliain agus beidh sin amhlaidh ó ghlúin go glúin. Tá an altóir seo sárnaofa don Tiarna.”


Ná fanadh aon duine i mBoth na Teagmhála ón uair a ghabhann sé isteach sa sanctóir ag déanamh leorghnímh go dtagann sé amach. Nuair a bhíonn leorghníomh déanta aige dó féin, agus dá theaghlach agus dá mhuintir, agus do chomhthionól Iosrael go léir,


tagadh sé amach agus téadh sé go dtí an altóir atá os comhair an Tiarna agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh uirthi. Tógadh sé cuid d'fhuil an tairbh agus an phocáin agus cuireadh sé í ar bheanna na haltóra timpeall.


“An deichiú lá den seachtú mí Lá an Leorghnímh agaibh. Bíodh comhthionól naofa agaibh. Déanaigí troscadh agus ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.


Mharaigh Maois é. Ansin thóg sé an fhuil agus chuir cuid di, lena mhéar, ar bheanna na haltóra timpeall á glanadh. Dhoirt sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra agus rinne í a choisreacan le gnás an leorghnímh ar a son.


Rinne Maois mar a d'ordaigh an Tiarna; mar a d'ordaigh an Tiarna is ea a rinne sé.


Chomh maith leis an íobairt uileloiscthe shíoraí, ní foláir pocán gabhair a ofráil don Tiarna, mar íobairt pheaca, agus a íobairt dí a ghabháil leis.


agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.


Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí