Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 13:57 - An Bíobla Naofa 1981

57 Ach má bhíonn an lot le feiceáil arís ar an mball éadaigh céanna, ar an ábhar, ar an mbrat, nó ar an déantús leathair, is cuma céard é, fágann sin go bhfuil an galar beo agus ní foláir duit tine a chur lena bhfuil loite.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

57 Agus má thaisbeanann sé fós annsa néadach, nó annsa dlúth, nó annsa ninneach, nó a néainni do chroicionn; is loit leathnuighthe é: loisgfídh tú an ni sin iona mbía an loit le teinidh.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 13:57
10 Tagairtí Cros  

Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”


bíodh sé ina bhall éadaigh nó ina bhrat olla nó lín, bíodh sé ina sheithe nó ina dhéantús leathair -


“Ach má dhéanann an sagart é a iniúchadh agus go bhfaigheann sé amach go bhfuil an lot tráite tar éis a nite, gearradh sé anuas é den bhall éadaigh, den leathar, den ábhar nó den bhrat.


Ach an ball éadaigh, an t‑ábhar, an brat, an déantús leathair is cuma céard é, lenar scar an lot nuair a níodh é, nítear arís é, agus bíodh sé glan.


Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.


Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.


Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”


I gcás taom lobhra déan gach a n‑ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d'aithin mé dóibh le cáiréis.


Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.


Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí