Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Léivític 12:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Déanadh an sagart an ofráil seo i láthair an Tiarna, agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh di, agus ansin beidh sí glan óna fuiliú. Sin é an dlí don bhean a bheireann mac nó iníon.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Noch ofráilfios é a lathair an TIGHEARNA, agus do dhéana síth ar a sonsa; agus biáidh sí glan ó rith a fola. Sé so is dligheadh do mhnaói bhéuras mac nó inghean.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 12:7
16 Tagairtí Cros  

Nuair a bhíodh an cúrsa fleá thart chuireadh Iób fios orthu teacht agus iad féin a íonghlanadh; d'éiríodh sé go moch ar maidin agus d'ofráladh sé íobairtí uileloiscthe thar cheann gach duine díobh go léir. Óir deireadh Iób: “Cá bhfios nár pheacaigh mo chlann mhac agus nár thug siad masla do Dhia ina gcroí?” Mar sin a rinne Iób i gcónaí.


Uch nach gcailltear an glan Ar mhalairt slí leis an neamhghlan!


Leagadh sé lámh ar cheann an íobarthaigh le loscadh agus glacfar leis mar shás leorghnímh dó.


Nuair a bhíonn laethanta a híonghlanta caite, cibé acu do mhac nó d'iníon é, tugadh sí chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála, uan bliana mar íobairt uileloiscthe, agus colúr óg nó colm mar íobairt pheaca.


Má bhíonn uan thar a hacmhainn, tógadh sí péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann don íobairt uileloiscthe, an ceann eile don íobairt pheaca; déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh di agus beidh sí glan.”


Ní foláir don sagart ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar a cheann i láthair an Tiarna ar an gcuma sin ar son a shilte.


Déanadh sé leis an tarbh seo mar a rinne le tarbh an íobairt pheaca; déantar mar ar an gcéanna leis. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh ar son an phobail agus maithfear dóibh.


Agus dódh sé a shaill go léir ar an altóir dála saille an íobairt chomaoineach. Sin mar atá an sagart le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon seo á shaoradh ón bpeaca, agus maithfear dó.


Baineadh sé an tsaill go léir de mar a bhaintear i gcás íobairt chomaoineach agus dódh an sagart í ar an altóir, agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna; agus déanfaidh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon agus maithfear dó.


Baineadh sé an tsaill go léir aisti mar a dhéantar leis an gcaora san íobairt chomaoineach; dódh an sagart í go léir ar an altóir ar na hofrálacha uileloiscthe don Tiarna. Sin mar a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh ar son an duine agus maithfear dó.


mar tá an peaca déanta acu uile agus iad uile in uireasa ghlóire Dé;


agus lena thaispeáint san am i láthair chomh maith go bhfuil sé fíréanta ann féin agus go bhfíréanaíonn sé gach duine a bhfuil a chreideamh in Íosa aige.


Mar tá an díchreidmheach fir naomhaithe ag an mbean agus tá an díchreidmheach mná naomhaithe ag an mbráthair: mura mbeadh sin bheadh bhur gclann neamhghlan - ach tá siad naofa dáiríre.


Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí