Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 60:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall: táthar ag bailiú le chéile agus ag triall ort. Tá do chlann mhac ag teacht ó i bhfad i gcéin, d iníonacha fós agus iad á n‑iompar ar an leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Tóig súas do shúile timchioll fa ccuáirt, agus faic: cruinnighid síad íad féin a ccionn a chéile, tigid síad chugadsa: tiucfaid do mhic ó himchéin, agus oilfighear hingheana red tháobh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 60:4
18 Tagairtí Cros  

Cuirfidh sé comhartha in airde le haghaidh na náisiún, agus baileoidh sé ar díbríodh as Iosrael le chéile; cruinneoidh sé muintir scaipthe Iúdá ó cheithre arda an domhain.


Tiocfaidh na ciníocha faoina gcoinne agus déanfaidh siad iad a thionlacan ar ais ionsar a n‑áit dúchais, agus fostóidh teaghlach Iosrael iad mar sclábhaithe agus searbhóntaí dóibh féin ar thalamh an Tiarna. Tógfaidh siad mar bhraighdeanaigh iad siúd ag a raibh siad ina mbraighdeanaigh, agus beidh smacht acu ar lucht a mbrúite.


Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht, rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú, agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal agus i do sholas do na ciníocha,


Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: ‘Tabhair ar ais iad!’ agus leis an Deisceart: ‘Ná coinnigh seilbh orthu!’ Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéin agus m'iníonacha ó chríocha na talún,


Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin, dream aduaidh agus dream aniar, dream eile fós ó Shíním aneas.


Tá lucht d'atógála chugat faoi dheifir, agus lucht do scriosta agus do chreachta ag imeacht asat amach.


Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall uait: tá siad siúd go léir ag cruinniú agus ag déanamh ort. Ar mo bheo - is é an Tiarna atá á mhionnú - seoda is ea iad le tú féin a mhaisiú, le cur ort ar nós feisteas brídeoige!


Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir - ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta - go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna.


Mar sin, ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - Ná bíodh scanradh ort, a Iosrael: féach, sábhálfaidh mise thú as tíortha i gcéin, agus do shliocht as tír a ndaoirse. Beidh Iacób arís i suaimhneas agus mairfidh go sóúil; ní chuirfidh aon duine eagla air.


Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.


An lá sin tiocfar chugat ón Asaír go dtí an Éigipt, ón Tuír go dtí an Abhainn, ó mhuir go muir agus ó shliabh go sliabh.


Suaithfidh mé na ciníocha uile agus tiocfaidh stórtha na náisiún go léir isteach chugaibh agus líonfaidh mé an Teampall seo le glóir, a deir Tiarna na Slua!


Deirim libh, tiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina súí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas;


Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.


An tsabóid dár gcionn tháinig an chathair ar fad beagnach le chéile ag éisteacht le briathar Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí