Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 51:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Óir creimfidh an leamhan iad ar nós giobal éadaigh, mar bheadh olann iontu íosfaidh na péisteoga iad. Ach mo chumhachtsa chun cirt, mairfidh sí buan agus mo shlánú ó ghlúin go glúin!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Oír íosuidh an léamann súas íad amhuil éadach, agus íosuidh an phéist íad amhuil olann: acht biáidh mfírinnesi ann go bráth, agus mo shlánughadh ó ghinealach go ginealach.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 51:8
12 Tagairtí Cros  

[Tá mo shaol] go léir ag creimeadh mar chríonach, mar bhrat ite ag leamhain.


Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan!


Tá do phoimp caite síos go Seól, mar aon le ceol do chuid cláirseach; na péisteanna atá mar leaba fút agus na cnumhóga ina gclúdach os do chionn.


Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna, tá sibh slánaithe aige go deo. Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhse ar feadh saol na saol go brách.


Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é, ní bheidh moill ar mo shlánú. Deonóidh mé an slánú i Síón, ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!


Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom, cé a thabharfadh ciontach mé? Beidh siad spíonta smolchaite ar nós giobal éadaigh, agus iad á gcreimeadh ag leamhain.


Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.


Is ionann cás dom anois agus in aimsir Naoi nuair a mhionnaigh mé i dtaobh uiscí na Díleann nach sceithfeadh siad thar an talamh níos mó. Mionnaim mar an gcéanna i dtaobh na feirge a bhí orm leat agus i dtaobh na haithise a chaith mé leat.


Agus nuair a théann siad amach, feicfidh siad corpáin na ndaoine sin a rinne ceannairc i m'aghaidh. A gcnumhóg siúd, ní rachaidh in éag ná a dtine ní mhúchfar ábhar gránach a bhéas iontu ag an gcine daonna go léir.


Is angadh mise d'Eafráim, agus críonlobhadh do theaghlach Iúdá.


agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí