Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 45:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, an Neach Naofa, an té a mhúnlaíonn Iosrael: “An daoibhse is dleacht mé a cheistiú i dtaobh mo chlainne, nó orduithe a thabhairt dom faoi shaothar mo lámh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Is marso a deir an TIGHEARNA, Aon Náomhtha Israel, agus a Chrúthaightheóir, Fíafruigh dhíomsa na neithe atá ag teacht a ttaobh mo mhac, agus a ttaobh oibreach mo lámh áithnighidh dhíom.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 45:11
34 Tagairtí Cros  

“Scaoil liom,” ar sé, “mar tá an lá ag breacadh.” “Ní scaoilfidh mé,” arsa Iacób á fhreagairt, “mura gcuirfidh tú do bheannacht orm.”


óir feicfidh sé saothar mo lámh ina láthair agus déanfaidh sé m'ainmse a naomhú. Beidh Neach Naofa Iacóib á naomhú, beidh eagla roimh Dhia Iosrael.


Anois, seo mar a deir an Tiarna, do Chruthaitheoirse, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: “Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú.


Is mise an Tiarna, bhur Neach Naofa, bhur gCruthaitheoir, a Iosrael, agus bhur Rí.”


An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin, déanfaidh siad mo mholadh a aithris!


Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d'fhuascailteoir. Tugaim an Éigipt uaim mar luach d'fhuascailte, Cúis agus Saba mar éiric ionat.


cách a nglaoitear dó m'ainmse, óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad, is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.”


a Iosrael, atá tofa agam. Seo mar a deir an Tiarna a rinne thú, a dhealbhaigh ón mbroinn i leith thú agus a chabhraíonn leat: Ná bíodh eagla ort, a ghiolla liom, a Iacóib, a Isiriún atá tofa agam.


Is mairg a deir lena athair: “Cad é seo a ghin tú?” nó lena mháthair: “Cad é a thug tú ar an saol?”


Seo mar a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.


Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.


Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.


óir is tusa ár n‑athair, cé nach n‑aithníonn Abrahám sinn agus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó. Tusa, a Thiarna, is athair dúinn; ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.


Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n‑athair. Sinne an chré, tusa an potaire, agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.


Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsí agus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil; - cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéithe agus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,


Agus bhí mé ag ceapadh: Cé mar ba mhaith liom thusa a áireamh ar mo chlann mhac, agus go dtabharfainn duit dúiche aoibhinn, an oidhreacht is deise ar na ciníocha uile. Cheap mé go dtabharfása orm: rí Athair liom, agus nach n‑imeofá go deo ó mo lorg.


“Nuair a thiocfaidh an t‑am sin - a deir an Tiarna - beidh mise i mo Dhia ag clanna uile Iosrael: beidh siadsan ina bpobal agamsa.”


Is le gol a d'imigh siad, tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais; déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce, slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle. Óir táim i m'athair ag Iosrael, agus is é Eafráim mo chéadghin mic.


Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ligfidh mé do mhuintir Iosrael an gar eile seo a iarraidh orm, is é sin, a líon daoine a mhéadú amhail tréad,


Féachfaidh mé chuige go n‑aithneofar m'ainm naofa i measc mo phobail, Iosrael; agus ní cheadóidh mé níos mó m'ainm naofa a thruailliú. Tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna, an Neach Naofa in Iosrael.


Sa bhroinn féin bhuail sé bob ar a dheartháir, agus in inmhe fir dó chuaigh sé i ngleic le Dia.


Deirim libh dá bhrí sin, an uile ní a bheidh á impí agus á iarraidh agaibh, creidigí go bhfuil sé faighte agaibh, agus gheobhaidh sibh é.


Beidh mé i m'athair agaibh agus beidh sibhse in bhur gclann mhac agus iníonacha agamsa, arsa an Tiarna uilechumhachtach.”


Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia.


Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael: “A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón, Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”


Chruinnigh taoisigh na bhFilistíneach chun íobairt mhór a ofráil dá ndia Dágón, agus chun lúcháir a dhéanamh. Dúradar: “Thug ár ndia Samsón ár namhaid ar láimh dúinn.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí