Íseáia 45:10 - An Bíobla Naofa 198110 Is mairg a deir lena athair: “Cad é seo a ghin tú?” nó lena mháthair: “Cad é a thug tú ar an saol?” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 A mhairg don té a deir re na athair, Cred ghineas tú? nó rís an mnaói, Cred rug tú? Féach an chaibidil |
“Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t‑ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m'ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ‘Conas a mhaslaíomar d'ainm?’