Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 42:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 An bhfuil aon duine in bhur measc ag éisteacht? Aon duine a chuirfidh cluas air le haghaidh an am atá ag teacht?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Cía aguibhsi bhéaras éisteachd dó so? cía éistfios, agus chluinfios chum na haimsire atá ag teacht?

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 42:23
16 Tagairtí Cros  

Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”


Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóir agus Iosrael do lucht a scriosta? Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidh agus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint, ná éisteacht lena reacht.


Och, dá mba gur thug tú aire do m'aitheanta! Ar nós abhann is ea a bheadh do shonas agus an rath ba dhual duit ar nós tonnta na farraige!


Ach amháin admhaigh do chionta: an chaoi ar éirigh tú in aghaidh an Tiarna do Dhia gur imigh ag spallaíocht le strainséirí agus nár umhlaigh do mo ghuthsa - is é an Tiarna a labhraíonn.


Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?


Éist! Tá an Tiarna ag glaoch ar an gcathair (is den chríonnacht d'ainm a eaglú). Éistigí, a threibh agus a chomhairle na cathrach sin,


Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí,


Dá mbeidís eagnaí, thuigfidís é seo, bheadh léamh acu ar an gcríoch atá i ndán dóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí