Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 42:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Acht is daóine íadso sladtha agus creachta; atáid síad uile gabhta a bpollaibh, agus atáid a bhfolách a ttighthibh príosúin: atáid síad na ccreich, agus ní bhfuil áon dá ttártháil; mar éadáil, agus ní abaír áon, Aisig.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 42:22
23 Tagairtí Cros  

“D'fhéach an Tiarna anuas óna shanctóir in airde; bhreathnaigh sé ó neamh ar an talamh.


Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé; sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann;


Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe, bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí; díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom.


a rinne fásach den talamh agus fothracha de na bailte, agus nár scaoil cime as braighdeanas riamh?”


tusa a sheolann do chuid teachtaí uait ar an bhfarraige, ag taisteal in árthaí giolcach ar dhroim na n‑uiscí. Imígí libh, a theachtairí meara, chun cine na scafairí griandaite, chuig an náisiún a raibh eagla rompu riamh anall, cine cumhachtach caithréimeach, sa tír a shileann na haibhneacha.


An té a theitheann ó thorann na scéine, titfidh sé sa chlais; má dhreapann sé aníos as an gclais, béarfar air sa ghaiste. Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh, agus bunsraith na talún ar crith.


Baileofar i dtoll a chéile iad ar nós cimí i bpluais, caithfear isteach sa charcair iad agus i ndiaidh na mblianta fada gheobhaidh siad a bpionós.


Creachta agus seanchreachta atá sí, mar thalamh; sladaithe agus deargshladaithe a bheidh, mar a d'ordaigh an Tiarna.


Sa cheathrú bliain déag de réimeas an rí Hiziciá, thug Sanaichéiríb, rí na hAsaíre, faoi dhúnbhailte Iúdá agus ghabh sé iad.


An bhfuil aon duine in bhur measc ag éisteacht? Aon duine a chuirfidh cluas air le haghaidh an am atá ag teacht?


chun súile na ndall a oscailt, chun na cimí a scaoileadh as an gcarcair agus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.


An duine seo, is mé a ghríosaigh chun bua é, tá an bealach réitithe agam roimhe. Déanfaidh sé mo chathair a atógáil agus mo dheoraithe a scaoileadh saor abhaile gan éiric gan airgead fuascailte,” a deir Tiarna na Slua.


Búirthíl leoin bhaininn atá aige, agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann; ligeann sé glam agus beireann ar a chreach, ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.


Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é, iad sin a deireadh leat: “Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.” Agus dhéantá cabhsa as do dhroim, mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.


A ainmhithe uile an mhachaire, tagaigí; a ainmhithe uile na foraoise, tagaigí agus sásaigí bhur gcraos.


Ba chaora seachráin é Iosrael, agus na leoin sa tóir air. “Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.


Sa seachtú bliain tríochad de dheoraíocht Iahóiácaím rí Iúdá, sa dara mí déag, ar an gcúigiú lá fichead den mhí rinne Eivíl Marodac rí na Bablóine, an bhliain a tháinig sé i gcoróin, pardún fial a thabhairt do Iahóiácaím rí Iúdá agus scaoil sé ón bpríosún é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí