Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 42:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadh agus a nduilliúr ar fad a sheargadh; déanfaidh mé locháin dá n‑aibhneacha agus triomóidh mé a linnte go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Do dhéana mé sléibhte agus cnoic na bhfásach, agus críonfa mé súas a luibhe uile; agus do dhéana mé oiléin do na haibhnibh, agus tiormocha mé súas na locháin.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 42:15
22 Tagairtí Cros  

Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar, agus d'iarr mé cúnamh ar mo Dhia Chuala sé mo ghlór ina theampall, agus ráinig mo ghlao a chluasa.


Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot, é úrnua agus dhá chíor fiacal ann. Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte, déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic.


Is mise a deir leis an Aigéan: “Bí tirim! triomóidh mé do chuid sruthanna.”


Déanfaidh mé slí de na sléibhte uile agus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra.


Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.


Dhearc mé ar na sléibhte, agus bhíodar ar crith; bhí na harda trí chéile ar bogadh.


Dearbhaím agus cuthach éada orm: ‘Go deimhin beidh crith as cuimse i dtír Iosrael an lá sin.’


Éisc na farraige, éanlaith an aeir, ainmhithe an mhachaire, péisteanna na talún agus daoine uile an domhain, crithfidh siad i mo láthair. Leagfar na sléibhte, réabfar na hailteanna, titfidh gach balla go talamh.


Óir is mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘I gceann tamaillín bainfidh mé croitheadh aon uair amháin eile as na spéartha agus as an domhan, as an bhfarraige agus as an talamh tirim.


Gabhfaidh siad trí mhuir na hÉigipte agus buailfidh an Tiarna tonnta na farraige dóibh agus rachaidh an Níl ar fad i ndísc. Buailfear an t‑uabhar as an Asaír agus tógfar an ríshlat ón Éigipt.


Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas.


Dhoirt an séú haingeal a shoitheach ar an abhainn mhór, an Eofrataes, agus chuaigh an t‑uisce inti i ndísc, i dtreo go mbeadh bóthar ullamh do na ríthe anoir.


Agus tharla tintreacha agus tormáin, agus toirneacha; agus tharla crith mór talún nach raibh a leithéid ann ó tháinig daoine ar an domhan, bhí an crith talún úd chomh tréan sin.


Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí