Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 41:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Cé a d'fhoilsigh é anallód, go mbeadh a fhios againn? fadó riamh, chun go ndéarfaí: “Tá sé ceart”? Ach ní raibh duine ar bith ann a d'fhoilsigh é, duine ar bith a d'fhógair é, duine ar bith a chuala focal uait.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Cía shoillsigh ó thosach, chor go mbía a fhios aguinne? agus roimhe a naimsir, chor go naibéoraidís, Atá sé fíréunta? aseadh, ní bhfuil aon thaisbeanas, ní bhfuil fós, áon shoillsighios, fós, ní bhfuil áon éistios bhur mbríathra.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 41:26
7 Tagairtí Cros  

“Tagadh siad chun tosaigh, na déithe bréige seo, agus foilsíodh siad dúinn cad tá le titim amach. Cad a thaispeáin siad dúinn san am atá thart go dtabharfaimis aird ar bith orthu? Nó an é go bhfuil sibh chun na rudaí atá le teacht a nochtadh chun go mbeidh a fhios againn an toradh a bheidh orthu.


Cé hé a rinne an gníomh seo, murarb é an té a ghlaonn ar na glúine ó thosach? Mise, an Tiarna, atá i dtús ann agus a bheidh ar deireadh; is mise é!”


Bailíodh na náisiúin go léir le chéile agus cruinníodh na ciníocha. Cé ina measc a d'fhoilsigh sin nó a d'fhógair é anallód? Tugadh siad a bhfinnéithe i láthair le go dtugtar ceart dóibh, cloistear iad chun gur féidir á rá: “Tá sin fíor!”


Cé atá inchurtha liomsa? Amach leis anseo agus labhraíodh sé; taispeánadh sé é féin agus cuireadh sé a chás i mo láthair! Cé hé a thug le fios anallód a raibh le teacht? Fógraíodh siad na rudaí atá chugainn!


Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair, gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin: Cé a d'fhógair an méid sin roimh ré, nó cé a d'fhoilsigh é ag an am? An ea nach mise, an Tiarna, a rinne? Níl aon dia eile ann ach mé féin, Dia cóir agus Fuascailteoir; níl dada eile ann ach mise amháin.


cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá. Is mise Dia agus níl m'athrach ann is mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí