Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 41:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 San fhásach cuirfidh mé crainn chéadrais, crainn acáise agus crainn mhiortail agus crainn olóige. Sa díthreabh cuirfidh mé an t‑aiteal, crann plána agus cufróg le hais a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Plainndeocha mé na Séadair annsa bhfásach, an crann Sittah, agus an mirtle, agus an crann ola; cuirfe mé annsa díothramh an crann giumhais, agus an pínan, agus an crann bocsa a naóinfheachd:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 41:19
16 Tagairtí Cros  

Sna laethe atá le teacht cuirfidh Iacób péacáin amach, tiocfaidh bláth agus toradh ar Iosrael; líonfaidh sé aghaidh na talún le torthaí.


Doirtfear orainn as an nua an Spiorad ón aird thuas; déanfar gairdín den fhásach ansin agus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach.


Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth; tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch, déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.


Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é? Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach agus cosáin san uaigneas.


Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón, tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá. As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin, agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna. Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann, altú buíochais agus siansa ceoil.


In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás, agus in áit na neantóg an miortal. Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna, beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear!


Maise na Liobáine tiocfaidh ag triall ort, giúis agus ailm agus cufróg ar fad le chéile, chun slacht a chur ar láthair mo shanctóra, agus scéimh san áit ar lonnaigh mo chosa.


Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.


Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair, ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur, is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”


agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.


Ar bhruach na habhann, ar an dá bhruach, fásfaidh gach cineál crann toraidh, le duilleoga nach bhfeonn agus le toradh nach dteipeann. Béarfaidh siad toradh úr gach mí de bhrí go sileann an t‑uisce seo dóibh ón sanctóir. Beidh a dtoradh mar bhia agus a nduilleoga mar leigheas.”


Lonnóidh siad faoi mo scáth arís; saothróidh siad arbhar, agus beidh fíniúna ag fás acu, a mbeidh cáil orthu mar atá ar fhíon na Liobáine.


“Bhí fís agam san oíche. Is amhlaidh a chonaic mé fear ar mhuin capaill rua agus é ina sheasamh i measc na gcrann miortail a bhí sa ghleann. Taobh thiar de bhí capaill rua agus capaill dhonnrua agus capaill bhána.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí