Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 40:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraige agus a leag amach na spéartha lena réise? a chruinnigh cré na talún i miosúr, a rinne na sléibhte a mheá sna scálaí agus na cnocáin in ainsiléad?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 ¶ Cía thomhais na huisgeadha a cclár a dhéarnainne, agus do dhírigh amach neamh lé réis, do chruinnidh luáithreadh na talmhan a miosur, agus do chomhthromuigh na sléibhte a gcomhthrom, agus na cnoic a sgála?

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 40:12
12 Tagairtí Cros  

Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth, Agus a thomhais sé toirt na n‑uiscí,


Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit!


Mo lámh is í a bhunaigh an talamh, mo dheaslámh a scar amach na spéartha. Ach mé a ghlaoch orthu, éiríonn siad aniar chugam in éineacht.


Dá mb'fhéidir choíche neamh thuas a thomhas, agus fuaimint na talún thíos a spíonadh, is ar an uair sin amháin a theilgfinn díom clann Iosrael ar son gach a ndearna siad - an Tiarna a labhraíonn.”


Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.


Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí