Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 38:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Bí ag coimhéad scáth na gréine ar chéimeanna Áchaz, tabharfaidh mé air filleadh deich gcéimeanna ar ais.” Agus d'fhill an ghrian ar ais na deich gcéimeanna a bhí sí tar éis a dhul síos.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Féuch, do bhéara mé a rís sgáile na ccéimionn, do chúaidh síos don ghréin a ccéimibh Ahas, deich ccéime ar a nais. Annsin dfill an ghrían deich ccéime, réir na céimibh lé a ndeachuidh síos.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 38:8
8 Tagairtí Cros  

Sna laethanta úd buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé i mbéal báis. Ghuigh sé chun an Tiarna agus d'éist sé leis agus thug comhartha dó.


Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.


Duan Hiziciá, rí, Iúdá, ar ócáid a leigheasta ón ngalar a bhí air.


“Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.”


Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.


“Má fuair mé gean uait,” arsa Gideón leis, “tabhair dom comhartha gur tusa féin atá ag labhairt liom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí