Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 38:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m'anam beo i do chuideachta; is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad. Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 O a THIGHEARNA, is leis na neithibhsi mhairíd daóine, agus annsna neithibhsi uile atá beatha mo spioraide: léoso thárthochuis tú mé, agus do bhéara tú orum marthainn.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 38:16
14 Tagairtí Cros  

Tá m'anam ar lár sa luaithreach; athbheoigh mé le do bhriathar.


Is méanar dom go raibh mé do mo chrá; ionas go bhfoghlaimeoinn do reachtanna.


Tuigim, a Thiarna, gur cóir iad d'fhoraitheanta; agus gur le barr dílseachta a chráigh tú mé.


D'iarr mé cunamh ort, a Thiarna, agus rinne tú mo leigheas, a Dhia.


Éist le mo ghuí agus le m'urnaí, a Thiarna, ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao. Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa i m'oilithreach ar nós m'aithreacha go léir.


Leag tú orm iomad de thrombhuarthaí ach tabharfaidh tú mo bheatha ar ais dom. Tógfaidh tú as broinn na talún mé;


Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceart agus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí. Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin; is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.


Dúirt sé á fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’ ”


Ach nuair a thugann Dia breith orainn is dár gceartú a bhíonn sé i dtreo nach ndaorfaí sinn mar aon leis an saol.


An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan á thuilleamh aige dúinn.


D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.


Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí