Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 36:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Dúirt an tArdoifigeach leo: “Abraigí le Hiziciá gurb í seo teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre: Cad is bun leis an muinín seo agat?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a dúbhairt Rabsáceh ríu, Abruidhsi anois ré Heseciah, Is marso a deir an rígh mór, rígh na Hassíria, Cred é an daingeanso iona bhfuil do dhóthchus?

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 36:4
17 Tagairtí Cros  

Chuir rí na hAsaíre an priomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire.


As an Tiarna Dia Iosrael a bhí a mhuinín aige, i dtreo nach raibh aon duine mar é i measc ríthe Iúdá go léir ina dhiaidh, ná i measc ar ghabh roimhe.


“Abraigí an méid seo le Hiziciá rí Iúdá: ‘An Dia ar a bhfuil tú ag brath, ná mealladh sé thú á rá: Ní thiocfaidh Iarúsailéim faoi smacht rí na hAsaíre.


Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá?


Tá cíocras chun Dé ar m'anam chun Dé bheo; cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé.


Gabhann uabhar roimh thubaiste; agus éirí in airde roimh threascairt.


Conas a deir sibhse: ‘Is fir chumhachtacha sinne, agus réidh chun cogaidh’?


Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n‑ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí