Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 36:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Sa cheathrú bliain déag de réimeas an rí Hiziciá, thug Sanaichéiríb, rí na hAsaíre, faoi dhúnbhailte Iúdá agus ghabh sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anois tárla annsa cheathramhadh blíadhain déug don rígh Heseciah, go ttáinic Senacherib rígh na Hassíria súas a naghaidh uile chaithreach daingean Iúdah, agus gur ghabh sé iad.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 36:1
11 Tagairtí Cros  

Sa cheathrú bliain déag de réimeas Hiziciá, tháinig Sanaichéiríb rí na hAsaíre agus d'ionsaigh sé cathracha daingne Iúdá agus ghabh sé iad.


Chuir rí na hAsaíre an priomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire.


Ghabh sé cathracha daingne Iúdá agus tháinig chomh fada le Iarúsailéim.


Tar éis na mbearta dílse seirbhíse seo, tharla ionradh Shanaichéiríb, rí na hAsaíre. Rinne sé ionradh ar Iúdá, shuigh a champa os comhair na gcathracha daingne agus d'ordaigh iad a ghabháil de ruathar.


Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobal agus ar theaghlach d'athar laethe nár tháinig a leithéid ón am a scar Eafráim le Iúdá (rí na hAsaíre).


Sa lá sin, beidh an Tiarna ag bearradh le rásúr a fruilíodh taobh thall den Abhainn (rí na hAsaíre); an ceann agus fionnadh an choirp, go fiú an fhéasóg is ea lomfaidh sé.


Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d'aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí