Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 33:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 meabhróidh tú an rud a b'uafás croí duit: Cá bhfuil sé siúd a bhíodh ag cuntas? Cá bhfuil an té a dhéanadh an meá? Cá bhfuil fear comháirimh na seod?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Smuáinteochuidh do chroidhe úamhan. Cáit a bhfuil an scribhneóir? cáit a bhfuil an glacadóir? cáit a bhfuil an té áirmheas na tuir?

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 33:18
16 Tagairtí Cros  

Rinne Abrahám an margadh ar bhreith béil Eafrón, agus thomhais Abrahám d'Eafrón an tsuim airgid a luaigh sé i gcomhchlos chlann Héat, ceithre chéad seicil airgid is é sin, de réir an tomhais a chleacht na ceannaithe.


rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.


Ansin chuir Hiziciá rí Iúdá teachtaireacht go rí na hAsaíre i Láicís. “Rinne mé coir; cas i leataobh uaim; cuirfidh mé suas le cibé pionós a leagfaidh tú orm.” Agus d'éiligh rí na hAsaíre trí chéad tallann airgid agus tríocha tallann óir ar Hiziciá rí Iúdá.


Ná héistigí le Hiziciá, mar seo mar a deir rí na hAsaíre: ‘Déanaigí síocháin liom, agus géilligí dom, agus íosfaidh gach duine agaibh toradh a fhíniúna féin, agus toradh a chrann figí féin, agus ólfaidh gach duine agaibh uisce as a umar féin,


Moladh leis an Tiarna a nocht dom móriontas a ghrá i gcathair dhaingean.


Leag tú orm iomad de thrombhuarthaí ach tabharfaidh tú mo bheatha ar ais dom. Tógfaidh tú as broinn na talún mé;


Um thráthnóna, scéin ar fad; roimh mhaidin níl siad ann níos mó. Is í seo cinniúint ár gcreachadóirí, is é is dán don dream a rinne slad orainn.


Beidh tú bunaithe ar an bhfíréantacht; i bhfad uait an leatrom, agus ní bheidh eagla ort, i bhfad uait an scéin, mar ní thiocfaidh sí i do chomhair.


Cá bhfuil an t‑eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh d'eagna an tsaoil?


Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus m'angair, mar a d'éirigh dom in Aintíoch agus in Iocoiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile.


Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí