Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 33:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Sibhse atá i bhfad i gcéin, éistigí lena bhfuil déanta agam; agus a mhuintir anseo in aice liom, admhaígí mo chumhacht.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 ¶ Cluinidhsi, a dhream atá a bhfad uáim, cread do rinne mé; agus, a luchd atá láimh riom, admhuighidhsi mo chumhachda.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 33:13
21 Tagairtí Cros  

D'ardaigh sé neart a phobail; bíonn a naoimh uile á mholadh; molann clann Iosrael é, an pobal atá ina fhogas. Alleluia!


Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia, i gceartlár do theampaill.


Cloiseann Síón agus líonann sí d'áthas, agus tá lúcháir ar chathracha Iúdá as ucht do bhreithiúnas, a Thiarna.


Ar a chlos seo dóibh, tháinig ballchrith ar na ciníocha; chuaigh áithritheoirí na Filistíne i gceas naíon.


A mhuintir an domhain uile, a áitreabhacha na talún go léir, breathnaígí, tá an comhartha á chrochadh in airde; éistigí, tá an stoc á shéideadh.


Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, sábháil sinn ar a neart, impím ort, agus bíodh fhios ag náisiúin uile an domhain gur tú amháin is Dia ann, a Thiarna!”


A insí na farraige, éistigí liomsa; tugaigí aire, a chiníocha i gcéin! Ghairm an Tiarna mé sa bhroinn dom, agus mé i gcoim mo mháthar luaigh sé m'ainm.


Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.


á dhéanamh sin le briathra mo bheola: Síocháin! Síocháin don uile dhuine, i bhfad agus i ngar! a deir an Tiarna. Sea go deimhin, tá mé chun tú a leigheas.”


Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach d'éanlaith an aeir agus d'ainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí