Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 30:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Cé go dtugann an Tiarna duit arán na hanbhuaine agus uisce na duainéise, an té a theagascann thú, ní cheilfidh é féin feasta, agus feicfidh do shúile an Té a theagascann thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus mátá go ttabhair an TIGHEARNA arán na haindeisi dhaóibhsi, agus uisge an smachduighthe, gidheadh ní háthrochthar do lucht teagaisg a ccoirnéul ní as mó, achd chífid do shúile do lucht teagaisg:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 30:20
17 Tagairtí Cros  

agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpriosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach an beagán aráin agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”


agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpríosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach arán agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”


Bíonn m'eascairde do mo mhaslú de shíor; agus bíonn m'ainm ina eascaine ag mo naimhde.


Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibhse a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.


A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó, gabhaigí buíochas lena ainm naofa.


Ní fheicimid ár gcomharthaí, níl fáidh ann feasta ná níl aon neach inár measc arb eol dó cá fhad.


A Dhia na slua, cá fhad a bheidh tú ar buile, ar a shon go bhfuil do phobal ag guí?


“Cé atá sé ag iarraidh a chur ar an eolas, an fáidh seo? Cé dhó ab áil leis a shoiscéalaíocht a mhíniú? Do pháistí, an ea, nua-choiscthe ón mbainne, do leanaí atá á mbaint den chíoch?


- beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.


Tá an cime ar tí a scaoilte amach; ní bhfaighidh sé bás i dtóin díge agus ní bheidh ganntanas aráin air.


Dá bhrí sin guígí Máistir an fhómhair go gcuireadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.”


ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.”


Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n‑aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n‑aoirí agus ina múinteoirí,


Ná hith aon arán gabháilte mar aon léi; ar feadh seacht lá ith slimarán léi, arán an chruatain, óir is le teann deabhaidh a tháinig tú amach as tír na hÉigipte; cuimhnigh dá bhrí sin, gach lá de do shaol, ar an lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí