Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 29:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Beidh tú leagtha ar lár - do ghlór ag labhairt ón talamh agus do chaint ag teacht go húiríseal ón láib. Tiocfaidh do ghlór as an talamh aníos mar bheadh glór taibhse ann, agus do chaint as an láib ina gíogarnach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus béarthar síos thú, agus laibheora tú as an ccriáidh, agus biáidh do chaint amach as an lúathreadh, agus biáidh do ghúth, mar áon ága mbí leanuán síghthe, as an ttalamh, agus do dhéana do ghlór piosarnach as an luáithreadh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 29:4
8 Tagairtí Cros  

Cén fáth a gceileann tú do ghnúis orainn agus nach cuimhin leat ár n‑ainnise is ár n‑ansmacht?


Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht, tá Iúdá ag titim i bhfothracha, óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna, is masla iad ar a ghlóir.


- leagfar an choill agus tabharfar béim síos don chathair.


Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é, iad sin a deireadh leat: “Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.” Agus dhéantá cabhsa as do dhroim, mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.


Craith díot an dusta sin! Bí i do shuí, a Iarúsailéim, a bhraighdeanaigh! Scaoil do mhuineál as a gheimhleacha, a iníon Shíón, a bhraighdeanaigh!


Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsí agus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil; - cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéithe agus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,


Tá a salachar féin ar a sciortaí; níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí; ó nach tubaisteach é a turnamh! Níl sólásaí ar bith aici. “Féach, a Thiarna, ar m'ainnise; is ag mo naimhde atá an bua.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí