Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 27:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 An é gur leadhb Dia é mar a leadhb sé lucht a leadhbtha? Ar bhásaigh é mar a bhásaigh sé lucht a bhásaithe?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 ¶ Nar bhuáil sé é, mar do bhuáil sé an drong do bhuáil é? no an bhfuil sé marbh do réir áir na druinge do thuit leis?

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 27:7
17 Tagairtí Cros  

Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána.


De sholas Iosrael déanfar tine, agus bladhaire dá Neach Naofa, ag loisceadh agus ag alpadh a dhriseacha agus a sceacha in aon lá amháin;


Um thráthnóna, scéin ar fad; roimh mhaidin níl siad ann níos mó. Is í seo cinniúint ár gcreachadóirí, is é is dán don dream a rinne slad orainn.


Tá Eafráim ag dul a dhúnphort a chailliúint, agus an Damaisc a réimeas; caithfear le fuílleach Arám mar a chaithfear le glóir chlann Iosrael. Briathar Thiarna na Slua.


Óir is é glór an Tiarna a chuirfidh coiscriú ar an Asaír, agus í faoi bhuillí a bhata,


Rachaidh an Asaír síos roimh chlaíomh nach ón duine é agus alpfar é le claíomh nach daonna; teithfidh sé ar aghaidh an chlaímh agus déanfar sclábhaithe dá chuid óglach.


Tréigfidh sé a dhúnfort le tréan eagla agus fágfaidh a thaoisigh an meirge le barr scéine. Fáistine é seo ón Tiarna féin a bhfuil tine ar lasadh aige i Síón agus foirnéis aige in Iarúsailéim.


Díreach mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá, mar aon leis na bailte comharsan - an Tiarna a labhraíonn - ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí inti arís go brách.”


“Ach foilseoidh mé duit conas a chúiteoidh mé leis an mBablóin agus le háitritheoirí uile Chaildéa gach olc dá ndearnadar do Shíón. Is é an Tiarna a labhraíonn.


Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: “Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d'ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.”


Níl aon legheas ar do lot; is marfach í do chneá. An uile dhuine a chloiseann do scéal, buaileann sé bosa mar gheall ort. Óir cé air nár luigh do dhanarthacht gan staonadh?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí