Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 22:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Sa lá sin - briathar Thiarna na Slua - tabharfaidh sé uaidh, an tairne sin a cuireadh i bhfostú san áit dhaingean. Ropfar amach é agus titfidh sé. Agus an t‑ualach iomlán atá ag crochadh as, brisfear é, óir tá an Tiarna tar éis labhairt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Annsa ló sin, ar sa TIGHEARNA na slógh, áthrochthar an tairnge atá daingion annsa náit dhaingin, agus geárrfuighear síos é, agus tuitfidh sé; agus teilgfighear an túalach dhe do bhí air: óir do labhair an TIGHEARNA é.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 22:25
15 Tagairtí Cros  

Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha, ná sa duine trí nach dtagann slánú.


Is ansa leat an t‑olc ná an mhaitheas, an t‑éitheach ná an fhírinne.


Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean: déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar.


Beidh maoin theaghlach a athar ar fad crochta as - idir shíol agus shliocht - na mionghréithe go léir, idir choirn agus chrúisciní.


Scairtim ar éan creiche anoir, ar fhear na cinniúna as tír i gcéin. Ní luaithe ráite ná déanta é! Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!


Mise mé féin a labhair agus a ghlaoigh air, a thug ann é agus a chuir rath ar a bheart.


Is uime seo a chaoinfidh an talamh agus éireoidh na spéartha thuas dubh. Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham, ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”


“Mar seo a scaoilfidh mé le mo fhearg agus a ídeoidh mo chuthach orthu. Agus nuair a bheidh mo chuthach ídithe orthu tuigfidh siad ansin gur mise, an Tiarna, a labhair le barr éada.


Beidh sibh in bhur n‑ábhar náire agus dímheasa, beidh sibh in bhur bhfógra uafáis do na ciníocha máguaird, nuair a ghearrfaidh mé pionóis fhíochmhara oraibh le teann feirge agus cuthaigh. Mise, an Tiarna, a labhair.


Seolfaidh mé gorta agus ainmhithe allta in bhur gcoinne a chreachfaidh bhur sliocht oraibh; rachaidh plá agus fuil tríbh agus cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh. Mise, an Tiarna, a labhair.”


Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu. Is é béal Tiarna na Slua a dúirt é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí