Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 22:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Seo mar a deir an Tiarna Dia na Slua: “Imigh leat chuig an feidhmeannach seo, chuig Seabná, maor an pháláis, agus abair leis:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 ¶ Is marso a deir Tighearna DIA na slógh, Eirigh, imthigh gus an tréisinersi, eadhon go Sebna, noch atá ós cionn an tighe, agus abair,

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 22:15
12 Tagairtí Cros  

Aichíseár i gceannas an pháláis; Adoiníreám mac Abdá i gceannas an tsaothair éigeantaigh.


Dá bhrí sin sheol reachtaire an pháláis, agus rialtóir na cathrach, na sinsir agus an lucht altrama scéala go dtí Iéahú: “Searbhóntaí de do chuid sinne; déanfaimid cibé rud a ordóidh tú dúinn; ní dhéanfaimid rí d'aon duine; déan mar is áil leat.”


Chuir sé fios ar an rí agus chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá reachtaire an pháláis, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, amach chuige.


Ansin dúirt Eiliácaím mac Hilcíá agus Seabná agus Ióách leis an bpríomhchornaire: “Labhair as Aramais le do thoil le do shearbhóntaí mar tuigimid í; ná labhair linn as teanga Iúdá i gclos na ndaoine ar na ballaí.”


Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.


Chuir sé Eiliácaím, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus seanóirí na sagart, agus iad gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.


Bhí Azmávat mac Aidiéil ina mhaor ar thaiscí an rí; bhí Iónátán mac Uiziá ina mhaor ar na taiscí faoin tuath, sna cathracha, sna bailte, agus sna caisil;


Dúirt Eiliácaím, Seabná agus Ióách leis an Ardoifigeach: “Má is é do thoil é, labhair linn do sheirbhísigh in Aramais, óir tuigimid í; ná labhair linn in Eabhrais in éisteacht an phobail atá ar na ballaí.”


Tháinig reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, tháinig siad ar ais i láthair Hiziciá agus a gcuid éadaigh stróicthe acu, agus d'inis dó ar dhúirt an tArdoifigeach.


Chuaigh reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf an callaire, chuaigh siad amach ina airicis.


Chuir sé reachtaire an pháláis Eiliácaím, Seabná rúnaí agus seanóirí na sagart, iad go léir gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.


D'éirigh Pilib agus chuir chun bóthair. Agus tharla ag dul an bealach sin coillteán Aetópach, fear a bhí ina ardoifigeach ag Candacae, banríon na nAetópach, agus ina choimeádaí ar a cuid maoine uile. Bhí sé tar éis teacht go hIarúsailéim ag adhradh Dé


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí