Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 10:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 A Bhat Gailím, liúraigh leat! A Laiseá, éist léi! Tabhair freagra uirthi, a Anatót!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Tóg súas do ghuth, a inghean Ghallim: tabhair fa deara a chluinsin go Lais. Anatot bhoichd.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 10:30
9 Tagairtí Cros  

Agus maidir le hAibíátár an sagart, dúirt an rí leis: “Imigh leat go hAnatót go dtí do thailte. Mar tá an bás tuillte agat, ach ní chuirfidh mé chun báis anois thú mar gur iompair tú áirc an Tiarna os comhair Dháiví m'athair agus go raibh páirt agat in anró m'athar go léir.”


in Anátót, i Nob, in Anainiá,


Tá Madmaená ag teicheadh, muintir Ghéibím ar a seachnadh.


Briathra Irimia mac Hilciá, de chlann shagartúil i dtír Bhiniáimin.


Agus faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna tháinig Hanamael mo chol ceathrar chugamsa i gCúirt an Gharda. Dúirt liom: ‘Ceannaigh mo gharraí atá in Anatót, óir is leat ceart a oidhreachta agus a fhuascailte, ceannaigh duit féin é.’ Bhí a fhios ansin agam gurbh é sin ordú an Tiarna.


Anatót lena thalamh féaraigh, Almón lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha.


Thugadar Dán ar an gcathair, i gcuimhne Dhán a n‑athair, mac a rugadh d'Iosrael, fág gur Láis a thugtaí ar dtús ar an gcathair.


D'imigh an cúigear leo agus thángadar go Láís, agus chonaiceadar go raibh muintir na háite sin ina gcónaí ansiúd gan bhuaireamh, dála na Síodónach, gan aighneas gan drochiontaoibh; nach raibh aon ní faoin spéir in easnamh orthu; go rabhadar i bhfad ó na Síodónaigh agus gan baint acu leis na [hArámaigh].


Míceal, iníon Shóil, bean Dháiví, bhí sí tugtha ag Sól do Phailtí, mac Laís, ó Ghailím.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí